
Nuachtlitir GSER
Deireadh Fómhair 2022
Focal ón bpríomhoide
Pobal na scoile, a chairde,
Beatha agus sláinte chugaibh,
Is cúis bhróid domsa nuachtlitir nua Gaelscoil Eiscir Riada a chur ós bhur gcomhair. Tréaslaím le múinteoir Aoife atá i bhfeighil air i mbliana, nach bhfuil cuma álainn ar an leagan úr nua seo?
Iniata gheobhaidh sibh blaisín do shaol gníomhach na scoile agus is mian linn mar fhoireann ceiliúradh a dhéanamh ar ar obair dhian chiúin atá ag dul ar aghaidh go laethúil anseo.
Táimid ar ais ar scoil 8 seachtain ag an bpointe seo agus tá sean spiorad agus beocht na scoile le braith fud fad na háite idir cluichí peile, ranganna iarscoile, ceardlann obair bhaile na dTuistí, traenáil foirne, obair garraíodóireachta, cór agus ceol scoile, ionchur luachmhar na Sairséalaigh agus na Gaeil Óga, snámh, Aoine Álainn agus na mílte rudaí eile!
Ná déanaigí dearmad go bhfuil an scoil ar fad ag gléasadh suas 28/10/22. Rachaidh an scoil abhaile ag 1:20 agus 1:30 ar an lá speisialta seo. Ní féidir linn fanacht!
I am delighted to introduce our new half term newsletter to you all. Múinteoir Aoife has done trojan work in getting this newly designed and interactive newsletter to print, míle buíochas leat.
In this addition you will get a great sense of the fantastic, child centred work that goes on in our school every day.
We are back to school nearly 8 weeks and it is wonderful to see lots of our old initiatives and activities up and running again. There is great energy around the school between football matches, afterschool classes, homework workshop for parents, staff training, gardening, school choir, GAA skills development, cooking, art, science experiments, Sarsfield’s agus na Gaeil Óga, swimming and Friday Funday. The list goes on and on!
Don’t forget that we have our annual dress up celebration 28/10/22. Parents are welcome to the school yard at 12:50 for our annual dress up parade (weather pending) and the children will go home slightly early on this special day.
Naíonáin Bheaga & Mhóra: 1:20
Rang 1-6: 1:30
Ní fada uainn briseadh na Samhna anois.
Bainigí ar fad sult’ ‘s súp as agus fanaigí slán!
Le mór mheas,
Ciara
Slán Larry
We are saying goodbye to our caretaker Larry after 8 dedicated years. Larry has been at the heart of our school, from his work as caretaker, to first aid trainer, to soccer skills coach and much more! Larry has a quiet, helpful, kind and friendly way about him and we will sorely miss his company and the craic! Best of luck Larry!
Fáilte Roimh Cholm
We warmly welcome our new caretaker Colm! He is currently shadowing Larry and learning the ropes. We look forward to having Colm as part of the school community.
Boscaí Bróg na Nollag
We are collecting boxes for this years Christmas Shoebox Appeal. Bring your shoebox to school Monday 7th or Tuesday 8th of November. Click the link below for more information.
Aoine Álainn
For the last month Aoine Álainn has been a lot of fun every Friday! In the yard the pupils from all class levels have been playing together. There are all sorts of fun activities like boardgames, reading, art, playsand and more! The pupils love to play with their friends from other classes!
Peil
Peil Shóisearach na mBuachaillí
Bhí séasúr iontach ag foireann peile shóisearach na mbuachaillí. Buachaillí ó rang 4 agus 5 a bhí ar an bhfoireann. D’imir siad 5 chluiche agus d’éirigh leo 3 chinn a bhaint. Bhí 27 buachaill ar an bpainéal agus d’imir siad ar fad thar barr. Bhíomar ag díriú ar chomhoibriú agus pasáil, agus bhí sé sin le feiceáil go láidir sna cluichí. Go raibh maith agaibh do na tuismitheoirí a thug síobanna chuig cluichí agus a tháinig amach ag tacú linn. Maith sibh a bhuachaillí!
The boys’ junior football team had a great season. 27 boys from 4th and 5th class were on the panel and they all played excellently. They played 5 matches and managed to win 3 of them. We focused on cooperation and passing, and this was clear to see in the matches. Thanks to the parents who gave lifts and who came out to support us. Maith sibh a bhuachaillí!
Peil na gCailíní
Bhí séasúr iontach ag foireann peile na gcailíní i mbliana. Caithfear iad a mholadh go hard, tháinig siad amach ag traenáil chuile Luan ón gcéad seachtain ar ais ar scoil. D’imir cuid de na cailíní a gcéad chluiche riamh d’fhoireann na scoile i gcoinne Esker Educate Together. Bhí bua maith ag GSER, le pointí ó Eavan, Nicole agus Caitríona.
Leanamar linn leis an traenáil agus bhí an dara cluiche againn i gcoinne Griffeen Valley Educate Together. Bhí an cluiche ar siúl thuas sna Sairséalaigh. Bhí an cluiche an-chóngarach sa chéad leath. Chailleamar imreoir ag leath-ama, nuair a bhris Maria ó Rang a 6 a lámh. Rinneamar roinnt athruithe, agus bhí éifeacht mhór ag cailíní Rang a 5 ar an gcluiche – Emma, Doireann, Rosalie, Ava, Trinity agus Scarlett agus a thuilleadh eile. D’éirigh le GSER an bua a bhaint amach sa deireadh.
Bhíomar i mbun ullmhúcháin don tríú cluiche i gcoinne Lucan East Educate Together. Bhí an lá gránna, bhí sé ag stealladh báistí ach níor chuir sin isteach ar na cailíní. Níor stop Jessica ag rith agus í i lár na páirce, agus bhí cluiche iontach ag Lucy, Katelynn agus Saoirse i Rang a 6 chun tosaigh. Níor éirigh leis an bhfoireann eile mórán cúilín a fháil toisc go raibh Caitlin trí thine sa chúl don chluiche ar fad!
D’éirigh go hiontach linn sa chéad trí chluiche agus chríochnaíomar ar barr an ghrúpa. Ar aghaidh linn go dtí an cluiche ceathrú ceannais i gcoinne Holy Family i Ráth Cúil. Cluiche deacair a bhí ann ach leanamar orainn ag troid. Bhí Olivia, Isabel, Aoibheann, Doireann, Niamh agus Éabha dochreidte láidir sa líne chosanta agus choinnigh siad sa chluiche muid, ach ar deireadh, fiú le hiarrachtaí maithe ó Eve, Éabha agus Nicole, bhí an bua ag Holy Family.
Mar fhocal scor, bhí gach uile dhuine iontach maith agus d’oibrigh siad ar fad le chéile mar fhoireann, ag tacú agus ag cabhrú lena chéile ag gach uile chluiche. Maith sibh, a chailíní!
The girls’ team have had a great season. They must be praised for their commitment to training every Monday. During their first match against Esker Educate Together, GSER had a good win with points from Eavan, Nicole and Caitríona.
Training continued and the second match was played against Griffeen Valley Educate Together at Sarsfields. It was a close match in the first half and we lost a player to injury when Maria broke her arm! We made a few changes and the girls from Rang a 5 had a big impact on the game - Emma, Doireann, Rosalie, Ava, Trinity, Scarlett and more. GSER managed a win in the end.
During the third match against Lucan East Educate Together the weather was awful but the rain didn’t deter the girls. Jessica didn’t stop running at midfield and Lucy, Katelynn and Saoirse had a great game. The opposition had little chance of scoring with Caitlin on fire in goals!
The girls finished their 3 matched on top of their group. On they went to their semi-final against Holy Family Rathcoole. It was a hard game well fought. In defence Olivia, Isabel, Aoibheann, Doireann, Niamh and Éabha were fantastic and they kept us in the game. In the end, despite ferocious effort from Eve, Éabha and Nicole, Holy Family took the win.
It must be said that every single player was excellent and worked well as a team, supporting and encouraging each other at every game. Maith sibh a chailíní!
Peil na mBuachaillí Shinsearach
Tá an-áthas agus an-bhróid orainn go bhfuil foireann na mbuachaillí tar éis an chluiche ceannais Corn an Chloigiltis Náisiúnta, i bPáirc an Chrócaigh, a bhaint amach i mbliana.
Thosaigh na buachaillí ag traenáil go luath i mí Mheán Fómhair. Bhí bua maith acu ar na trí scoil eile sa ghrúpa: Gaelscoil Naomh Pádraig, Divine Mercy agus Scoil Mhuire, Woodview. D’imríomar i gcoinne Griffeen Valley ET sa chluiche ceathrú ceannais agus d’éirigh linn an lámh in uachtar a fháil orthu. Bhí cluiche dian ag na buachaillí in aghaidh St. Canice’s BNS sa chluiche leathcheannais i bPáirc an Fhionnuisce. Bhíomar ceithre phointe chun tosaigh ag leathama agus bhí na buachaillí ar fheabhas sa dara leath, ag buachan 3-10 in aghaidh 2-6.
Ar aghaidh linn anois go Páirc an Chrócaigh chun tabhairt faoi St. Mochta’s NS, Cluain Saileach. Go n-éirí go geal libh a bhuachaillí!
We are very happy and proud that the boys’ football team have reached the Corn an Chloigiltis Náisiúnta final, in Croke Park.
The boys started training very early in September and they had good wins over Gaelscoil Naomh Pádraig, Divine Mercy and Scoil Mhuire, Woodview in the group stages. We then got the upper hand over Griffeen Valley ET in the quarter finals. The boys had a tough match against St. Canice’s BNS in the semi-final which was played in the Phoenix Park. We were four points in front at half-time and the boys were brilliant in the second half, winning on a scoreline of 3-10 to 2-6.
On we go to Croke Park to face St. Mochta’s NS of Clonsilla in the final. The best of luck to the boys!
An Chéad Chomaoineach & An Cóineartú
An Cóineartú: 20 Aibreán 2023
An Chéad Chomaoineach: 22 Aibreán 2023
There is great preparation underway in school for these very special sacraments. We are delighted to be able to share the dates for these with you. More information to come.
The Confirmation: 20th April 2023
The First Communion: 22nd April 2023
Oíche Shamhna
Ná déanaigí dearmad go bhfuil an scoil ar fad ag gléasadh suas 28/10/22.
Tá fáilte roimh thuismitheoirí/seantuismitheoirí freastail ar an bparáid ag 12:50 i gclós na scoile (ag brath ar an aimsir).
Rachaidh an scoil abhaile ag 1:20 (Naíonáin) agus 1:30 (Rang 1-6) ar an lá speisialta seo.
Don’t forget that we have our annual whole school dress up celebration 28/10/22.
Parents/Grandparents are very welcome to the school yard at 12:50 for our annual dress up parade (weather pending).
The children will go home earlier than usual on this special day.
Naíonáin Bheaga & Mhóra: 1:20
Rang 1-6: 1:30
Coinnigí an Dáta!
Nótaí ó Choiste na dTuismitheoirí
Coinnigí an Dáta
Beidh EGM ar siúl sa scoil ag Coiste na dTuismitheoirí Máirt 8ú Samhain ó 8’00 – 9.00 in. An aidhm don chruinniú seo ná seans don Choiste an ról atá acu a mhíniú agus cuireadh a thabhairt do dhaoine nua bheith páirteach ann.
Breathnóimid ar na réimsí difriúla sa scoil a thugann ‘An Coiste’ tacaíocht do na páistí, na tuismitheoirí agus an fhoireann scoile. Le linn an chruinniú breathnóimid chomh maith ar an gclár imeachtaí spreagúil a bheidh ar siúl an scoilbhliain seo agus na háiteanna gur féidir leis an gcoiste tacú leis na himeachtaí seo.
Ba bhreá linn gach duine a fheiceáil ann ach go háirithe fáilte speisialta chuig na tuismitheoirí nua a tháinig do phobal na scoile le cúpla bliain anuas nuair nach raibh cúrsaí “normálta” mar gheall ar na srianta covid.
Bígí linn
Obair an Choiste
In ainneoin an tionchair ó covid bhí ‘An Coiste’ fós gnóthach ag tacú le Ciara agus foireann na scoile le cúpla bliain anuas.
Mar gheall ar an dúnadh leanúnach don charr chlós san ionad fóillíochta d’oibrigh ‘An Coiste’ go mion le Ciara, Larry agus pobal na tuismitheoirí chun teacht ar bhealach sábháilte an ‘drop-off area’ a h-athoscailt do na páistí.
Tá a lán obair déanta againn i ngairdín na scoile. An tEarrach seo caite rinneamar comhoibriú leis na gasóga (142nd Esker) chun an ghairdín a ghlanadh suas agus é a réitiú do chur an earraigh. Thar an samhradh thugamar tacaíocht d'fhorbairt an ghairdín chomh maith go mbeadh timpeallacht níos taitneamhaí, go mbeadh níos mó spás ann do na páistí le spraoi agus taiscéalaíocht a dhéanamh. Is cuid thábhachtach é don lá/seachtain do roinnt pháistí agus táimid fíor bhuíoch go bhfuil na háiseanna nua seo againn.
Tá ‘An Coiste’ ag tnúth go mór leis an ‘Oíche Mhór na hEalaíne’ ar an 16ú Nollaig
Táimid ar bís le bheith ar ais ag bualadh le chéile go rialta agus ag súil go mór leis an scoilbhliain ghnóthach atá amach romhainn.
Despite all of the Covid disruptions, An Coiste has kept busy supporting Ciara and the school team. Due to the on-going closure of the leisure centre car park, we worked closely last year with Ciara, Larry and the parent’s community to find a safe way to re-open and operate the ‘drop-off area’ in the school. This was something that was done to improve the safety of all children coming to school each day.
We have also been busy working on the school garden. Last Spring, we worked with the cubs from the 142nd Esker scout group to tidy up the garden and get it ready for planting. Over the summer, we supported extensive developments in the garden. Not only is the garden now a more enjoyable environment for the children, there is much more space for them to play and explore. This is a very important part of the day/week for many children and we are very grateful to have these new spaces to use.
We are looking forward to ‘Oíche Mhór na hEalaíne’ on 16th of December.
We are excited to be back to meeting regularly and looking forward to a busy school year ahead.